01 September 2010

Cruatan na nDaoine Dífhostaithe

Inniu in Éirinn, tá 450,000 daoine as obair faoi láthair agus is trua mór é seo, mar sin, is mise duine díobh daoine atá dífhostaithe. Tá sé crua ag lorg post, oibrí tógála a bhí ann, níl aon taithí ag obair sa oifig ar chor ar bith. Tá mé ag déanamh chursaí ríomhairí faoi láthair go bhfuil rud éicint ar a laghad a bhaint sult as.

Airím go bhfuil an aoibh ag athrú maidir leis na daoine dífhostaithe. Tá daoine ag cur a srón san aer agus ag casadh in aghaidh na ndaoine dífhostaithe sa tír seo. Má léann tú tráchtanna ar suíomhanna áirithe, síleann daoine go bhfuil na daoine dífhostaithe leisciúil agus "sponging" as an dól. Níl sé ár locht, ní dhearna muid rudaí an chaoi seo. Cé go ndearna na daoine an staid seo atá siad ag obair fós agus ag fáil "bailouts" agus "golden handshakes" ón rialtas.  Creidim go bhfuil ón rialtas seo neart ceisteanna a fhreagairt aige.  Tá mé ag tnúth go mór leis an chéad ollthoghchán eile. Tá 's a'm cén páirtí a gheobhaidh mo vótá agus inseoidh daoibh an méid seo, ní bheidh sé Fianna Fáil a gheofas é.

No comments:

Post a Comment