01 March 2011

glanadh an earraigh

Ag déanamh beagáinín glanadh an earraigh inniu. Tá mé ag fáil réidh le mo chuid sheanéadaigh  agus bruscar eile timpeall an tí. Beidh neart spás agam agus ní bheidh an teach ina phraiseach níos mó. Happy Days

19 February 2011

tús úr??? nílim cinnte

Mar sin, 6 lá romhainn sula gcaithfidh muid ár vótaí ar iarrthóirí is fearr linn. Is fada uainn an olltoghchán seo, tá mé ag tnúth go mór leis an todhchaí ach ní bheidh mé ró-dhóchasach.
Is cosúil go mbeidh FG agus PLO ina gcomhrialtas an tseachtain seo chugainn agus SF agus FF ina n-éadan.
An mbeidh muid níos fearr as, tá amhras orm.Tá IMF agus ECB ag análú síos ár muineáil, tá na beainceanna anois ag baint táille asainn i gcomhair a mbunsheirbhísí.Cé go sabhálfaidh sibh é seo, má tá carn airgid agaibh sa bheainc  agus tá siad ag méadú ráta úis chomh maith. Ní stopfaidh sé choíchin, airgead, airgead, airgead, ag iarraidh airgid i gcónaí.