01 March 2011

glanadh an earraigh

Ag déanamh beagáinín glanadh an earraigh inniu. Tá mé ag fáil réidh le mo chuid sheanéadaigh  agus bruscar eile timpeall an tí. Beidh neart spás agam agus ní bheidh an teach ina phraiseach níos mó. Happy Days

19 February 2011

tús úr??? nílim cinnte

Mar sin, 6 lá romhainn sula gcaithfidh muid ár vótaí ar iarrthóirí is fearr linn. Is fada uainn an olltoghchán seo, tá mé ag tnúth go mór leis an todhchaí ach ní bheidh mé ró-dhóchasach.
Is cosúil go mbeidh FG agus PLO ina gcomhrialtas an tseachtain seo chugainn agus SF agus FF ina n-éadan.
An mbeidh muid níos fearr as, tá amhras orm.Tá IMF agus ECB ag análú síos ár muineáil, tá na beainceanna anois ag baint táille asainn i gcomhair a mbunsheirbhísí.Cé go sabhálfaidh sibh é seo, má tá carn airgid agaibh sa bheainc  agus tá siad ag méadú ráta úis chomh maith. Ní stopfaidh sé choíchin, airgead, airgead, airgead, ag iarraidh airgid i gcónaí.

21 November 2010

RTÉ

Bhí Vincent Browne ag tabhairt amach do Brian Cowen. agus ghearr RTÉ amach é. Féir plé dó, níor thabharfadh tuairsceoirí RTÉ amach dó, tá náire mór ar RTÉ i rith an tseachtain seo. Bhí nuacht á fáil ag daoine faoin bailout seo ó BBC agus Sky. Cá raibh RTÉ?? Ní déarfaidh siad drochfhocal faoi Fianna Fáil. Tá súil agam go dtiocfaidh an olltoghchán go luath nó beidh agóid ollmhór ann

04 November 2010

Bainis mo Dhearthár

So, Is é an bhainis mo dhearthár amáireach agus tá mé ag súil go mór léi. Beidh go leor leor deochanna agus bia le bheith aige ach tá súil againn go beidh an aimsir go breá, bhuel, le cúnamh Dé, lá fliuch nach mbeidh ann ar a laghad. Tá gach rud réidh anois agus beigh na leaideanna agus mé féin ag dul amach le haghaidh oíche amháin dheireanach de shaoirse do mo dheartháir. Seisiún tríd an recession
Tá ceist agam oraibh, An athraíonn mná nuair a éiríonn siad pósta?
Má athraíonn siad, go bhfóire Dé é. An créatúr! Ar an nós, go raibh blianta fada sásta rompu amach anseo

21 October 2010

THe Social Network

Chuaigh mé go dtí an pictiúrlann anocht agus chuaigh mé The Social Network a fheiceáil. Caithfidh mé a rá gurb scannán iontach é agus mholfainn é do chuile dhuine. Bogann sé beagáinín mall ach bhí sé an-suimiúil agus cliste. Dúirt siad ag an deireadh gurbh fhiú $25bn é Facebook. Níor cheap mé go raibh sé an méid sin, cheap mé b'fhéidir gurbh fhiú $500m é. Anois, is mian liom gurbh fhéidir liom teacht aníos le smaoineamh maith mar sin 

12 October 2010

Tinn Tinn

Tá mé ag bás le hionfhabhtú cliabhraigh faoi láthair. Ní féidir liom stopadh ag casacht. Tá mé ag tógáil mo leighis ach is cosúil nach imeodh sé. Ní éiríonn mé tinn ariamh, de gnáth. Caithfidh mé a bheith ag éirí sean. Á bhuel, beidh an chluiche ar siúl anocht. Is gá dúinn  an bua anocht, beidh sé crua ach tá súil agam gur féidir linn é a dhéanamh. Éire Abú!!

27 September 2010

Pennys

Siopa iontach. Is féidir libh neart éadaí a cheannach ar beagán airgid. Caithfidh siad go bhfuil na páistí Malaeisigh sin ag déanamh ragoibre. Ar fheabhas!