Bhí mé thar a bheith sásta aréir nuair a bhuaigh Éire an cluife in aghaidh Andorra. 3-1 a chríochnaigh an scór. Bhí sé taispéantas maith ó na leaideanna cé go lig muid cúl isteach. D'imir Kevin Doyle thar barr agus scóráil sé cúl iontach agus thuill sé é ar fad mar gheall ar a obair crua a rinne sé le haghaidh an fhoirne.
Tá sé pionte againn anois agus imreoidh muid an Rúis sa chéad cluife eile i Lansdowne Road i dtús Dheireadh Fómhair. Tá mé ag súil go mór leis an cluife seo, má bhuann muid é a bheidh muid ar muin na muice agus ar ár mbealach go Euro 2012 nach beag ar aon nós. Éire Abú!!
Fáilte isteach sa bhlag cruinne.
ReplyDeleteGo raibh maith agat
ReplyDeleteTá fearadh na fáilte romhat, a dhuine mheabhrach! Bhí mé gnóthach le seachtain nó dhó, agus tháinig tú ar an mblagchruinne i ngan fhios dom.
ReplyDeleteNá bí buartha faoi bhotúin, ná a dhath mar iad, a chara, ach lean ort ag scríobh - bíonn na botúin ghramadaí againn uilig!
Bhuel, b'fhéidir nach mbíonn siad ag Dennis...:-)