27 September 2010

Pennys

Siopa iontach. Is féidir libh neart éadaí a cheannach ar beagán airgid. Caithfidh siad go bhfuil na páistí Malaeisigh sin ag déanamh ragoibre. Ar fheabhas!

26 September 2010

Seónna Talannach

An mbraitheann an ceol "real" níos mó? Caithfidh mé a admháil go mbreathnaím ar an X-Factor mar is "Prime Time TV" é agus tá sé siamsúil den chuid is mó agus is aoibhinn liom é ach is fuath liom é ag an am céanna.
Braitheann sé bréagach ach bíonn roinnt amhráiní maithe ar an seó chomh maith chomh maith le hamhrainí uafasach.
Bhreathnaigh mé ar Must be the Music agus feictear dom gur seisean fíorsheó talann le fíorcheoltóirí gurb bhreá saibhir agus cáiliúil a bheith ach tá a gcuid ceol is tábhachtaí dóibh ar dtús. Bíonn a gcuid ceol úr agus búnasach agus is ceoltóirí talannach iad. Níl an léiriúchán aige go mbíonn ag X Factor ná an t-airgead ach a oiread. Ach tá fíormholtóirí aige a scríobhann a gcuid amhrán féin agus go bhfuil ceol nó rap acu.

16 September 2010

Coisir fear

Tá mé ag tabhairt aghaidhe ar Newcastle i Sasana amáireach ar coisir fear mo dhearthár, mar sin, go leor craic agus ag únfairt agus ól a bheidh againn. Tá mé ag tnúth go mór le himeacht leis na leaideanna. Beidh fiche duine ag dul agus beidh an Great North run ar siúl an deireadh seachtaine seo mar sin tá súil agam go mbeidh atmaisfear iontach ar an gcathair chomh maith. Tá Newcastle in ainm a bheith siamsaíocht oíche bhríomhar aici agus leis an ráda ar siúl a bheidh sé dubh le daoine. Samhlóidh mé go mbeidh póit ollmhór agam maidin Dé Luain.Ní chaithfidh mé a dhéanamh dearmad ar an Alka Seltzer. 
An raibh éinne i Newcastle cheana féin? An féidir libh aon phub a mholadh dom?

14 September 2010

Think-In nó Drink-In

Beidh an sorcas Fhianna Fáil á gciceáil féin tar éis an tslí a raibh an Taoiseach ar an ráidió ar maidin. An 'storm in a pint glass' é nó botún PR eile ó Bhrian Ó Comháin? Céard a bhí sé ag smaoineamh ar an nós? Cá raibh an cutewhorism ar maidin? Is cosúil dom go dteastaíonn réabhlóid uathu. Craiceáilte! Bhuel, An raibh póit mór aige nó nach raibh? Sin é an ceist

11 September 2010

Cá raibh tú ar 9/11?

Tá a fhios agam cá raibh mé. Bhí mé san obair ar an Máirt sin a tharlaigh sé. Bhí mé ag deisiú gluaisteán i gcoirnéal an gharáiste agus ansin, rith leaid amháin amach ó seomra peinteála agus bhi sé ag béicíl ar chuile dhuine agus ag rá linn a thuairteáil eitleán isteach sa Twin Towers.
Is cuimhin liom ag smaoineamh a bhí air timpiste a bheith, go cinnte agus conas a d'eitil an píolóta an t-eitleán isteach sa fhoirgneamh. Ansin buaileann ceann eile an foirgneamh eile agus bhí a fhios againn a bheadh an domhain ag athrú amach anseo.

09 September 2010

Cursaí Ríomhairí

So, Chríochnaigh mé mo chursa ríomhairí inniu, an ECDL. D'éirigh na scrúdaithe ar fad liom. Caithfidh mé a rá go raibh siad ró-éasca.Bhain mé sult as ach ní raibh sé dúshlánach ar chor ar bith agus bhínn i mo thógálaí nach raibh aon taithí le ríomhairí agam ar chor ar bith. Nuair a thosaigh mé é a cheap mé go mbeadh sé an-deacair den chuid is mó.  Tá sé rud éicint a chur ar mo CV ar aon nós. Níor mhiste leat ag déanamh cursaí eile i ríomhaireacht, b'fhéidir a ndeisiú. B'fhearr liom é sin.

08 September 2010

An cluife aréir

Bhí mé thar a bheith sásta aréir nuair a bhuaigh Éire an cluife in aghaidh Andorra. 3-1 a chríochnaigh an scór. Bhí sé taispéantas maith ó na leaideanna cé go lig muid cúl isteach. D'imir Kevin Doyle thar barr agus scóráil sé cúl iontach agus thuill sé é ar fad mar gheall ar a obair crua a rinne sé le haghaidh an fhoirne.
Tá sé pionte againn anois agus imreoidh muid an Rúis sa chéad cluife eile i Lansdowne Road i dtús Dheireadh Fómhair. Tá mé ag súil go mór leis an cluife seo, má bhuann muid é a bheidh muid ar muin na muice agus ar ár mbealach go Euro 2012 nach beag ar aon nós. Éire Abú!!

02 September 2010

Cá bhfuil na seomraí comhrá?

Cá bhfuil na seomraí comhrá ar an idirlíon? Tá go leor shuíomhanna Gaeilge ar an idirlíon gan aon dabht, afách ní cloiseann tú ariamh faoi seomraí comhrá. Bheidís acmhainn iontach le haghaidh foghlaimeora, an fhadhb amháin a bhíonn agam le Gaeilge, ní fhéidir liom smaoineamh ar na focla atá uaim a rá go sciobhta go leor. Bíonn mo mheabhair folamh agus tagann dearg ar mo leiceanna. Is docha go bhfuil an fhadhb seo ag na foghlaimeoirí ar fad. Tá mé ag súil go mór leis Gaeilge líofa agus nádúrtha a bheith agam. Ach anois mairfidh mé le Gaeilge bhriste 

01 September 2010

Cruatan na nDaoine Dífhostaithe

Inniu in Éirinn, tá 450,000 daoine as obair faoi láthair agus is trua mór é seo, mar sin, is mise duine díobh daoine atá dífhostaithe. Tá sé crua ag lorg post, oibrí tógála a bhí ann, níl aon taithí ag obair sa oifig ar chor ar bith. Tá mé ag déanamh chursaí ríomhairí faoi láthair go bhfuil rud éicint ar a laghad a bhaint sult as.

Airím go bhfuil an aoibh ag athrú maidir leis na daoine dífhostaithe. Tá daoine ag cur a srón san aer agus ag casadh in aghaidh na ndaoine dífhostaithe sa tír seo. Má léann tú tráchtanna ar suíomhanna áirithe, síleann daoine go bhfuil na daoine dífhostaithe leisciúil agus "sponging" as an dól. Níl sé ár locht, ní dhearna muid rudaí an chaoi seo. Cé go ndearna na daoine an staid seo atá siad ag obair fós agus ag fáil "bailouts" agus "golden handshakes" ón rialtas.  Creidim go bhfuil ón rialtas seo neart ceisteanna a fhreagairt aige.  Tá mé ag tnúth go mór leis an chéad ollthoghchán eile. Tá 's a'm cén páirtí a gheobhaidh mo vótá agus inseoidh daoibh an méid seo, ní bheidh sé Fianna Fáil a gheofas é.